Seanbhean dárbh ainm Méabha Pheigí a bhí ina cónaí i mbothóg in aice le Gracie nuair a bhí sí ag éirí aníos. Díon scraithe a bhí ar an bhothóg agus tógtha le clocha agus fóid. Bhí áit fuinneoige ann ach ní raibh gloine ar bith sna fuinneoga, málaí garbha a bhí crochta sa doras agus in áit na bhfuinneog. Bhí gaol breá idir í féin agus teaghlach Ghracie agus chuidíodh siadsan léi rómhar agus a chosúil a dhéanamh. Bhí eallach aici fosta agus bhíodh siad seo sa teach léi féin, ní raibh tábla, leaba nó cathaoirecha aici. Luíodh sí ar an urlár, urlár creafóige.
Thit sí amach leis an tsagart ach bhí urnaí ghalánta aici.
D’fhan sí tamall ag teaghlach Ghracie nuair a bhí sí tinn, rinne siad suas leaba di.
Scéal faoin am a bhí sí tinn agus bhí Gracie agus a máthair ag tabhairt cuairt uirthi.
Bhíodh na daoine imníoch sa gheimhreadh go dtiocfadh rud inteacht uirthi, choinníodh siad súil uirthi, bhí an teach thuas sa phortach, píosa measartha ón bhealach mór.
Bhí daoine muinteartha i Leitir Ceanainn aici agus nuair a bhí sí ag éileamh, thug siad amach go Leitir Ceanainn í ach dúirt sí go bhfuair sí siorradh sna súile nuair a b’eigean di luí i leaba sa tseomra ar chúl na tine. Tá sí curtha i reilig Ghort an Choirce.
Bhí saol fada aici cé nach raibh móran aici. | 00:12:08 | |